e

GLOINE NA MARA

IMRAM Féile Litríochta Gaeilge

TIONSCADAL FILÍOCHTA ILMHEÁNACH I nGAEILGE NA hALBAN & I nGAEILGE NA hÉIREANN

Tá gnaoi an phobail tuillte go rímhaith ag Meg Bateman. Deir Les Murray fúithi go bhfaightear macántacht phaiseanta uasal ina cuid filíochta, rud a thug teanga na nGael di, tréith neamhchoitianta i ndomhan an Bhéarla atá báite san íoróin. Tá samhlaíocht agus nuálaíocht ag baint leis an bhfile Pàdraig MacAoidh/Peter McKay. Scríobhann Deborah Moffat dánta i mBéarla agus i nGaeilge. Tumann sí i miotais agus i dtírdhreacha an domhain, i Meiriceá Theas, sa Mheánoirthear, i gCeanada, in Albain agus in Éirinn. Tarraingíonn Marcus Mac an Tuairneir as scéalaíocht na ndaoine, cuntais stairiúla agus cúrsaí reatha agus na hoileáin seo d’Oileánra an Atlantaigh. Is filí nótáilte agus sáraistritheoirí iad Paddy Bushe agus Simon Ó Faoláin. Is cumadóir, ceoltóir, amhránaí agus scríbhneoir é Colm Ó Snodaigh a bhfuil clú air mar oirfideach
aonair agus mar bhall den ghrúpa Kíla.

A multi-media celebration of Scottish Gaelic poetry, featuring Meg Bateman, Pàdraig MacAoidh, Deborah Moffat, and Marcus Mac an Tuairneir. They will read their original poems exploring themes of language and landscape; whilst Colm Ó Snodaigh will perform versions in Irish, translated by Paddy Bushe and Simon Ó Faoláin, which he has set to music. With screen projections by Margaret Lonergan.

Age suitability: All ages

LÉIRITHEOIR/COIMEADAÍ Liam Carson
POETS Meg Bateman, Pàdraig MacAoidh, Deborah Moffat, Marcus Mac an Tuairneir
MUSIC BY Colm Ó Snodaigh
VISUAL PROJECTIONS BY Margaret Lonergan

RUNNING TIME 60 mins
TICKETS €15 | €12 (Concession)

ABOUT THE COMPANY
Saothraíonn IMRAM chun litríocht na Gaeilge a chur i gceartlár an tsaoil phoiblí in Éirinn, trí fhéile bhliantúil nuálach a eagrú, a thacaíonn le scríbhneoirí, a spreagann díospóireacht agus a mheallann cainteoirí Gaeilge agus foghlaimeoirí na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an diaspóra.

IMRAM works to put Irish language literature at the heart of our nation’s public life, through an innovative annual festival, supporting writers and publishers, encouraging the sale of books, provoking debate, and engaging Irish speakers and Irish learners across Ireland and the diaspora.

 

#FéileIMRAM2024

16 November 2024
8PM
Boys’ School