e

CLUICHE NA CORÓNACH | Game of Thrones

game-of-thrones

Dar le criticeoirí áirithe tá Cluiche na Corónach de chuid George R R Martin tar éis dul i bhfeidhm ar na milliúin ar na cúiseanna céanna ar beo i gcónaí do dhrámaí aircitíopúla de chuid Hóiméir, Sophocles agus Shakespeare. Tagann an mhiotaseolaíocht, an stair agus scéalta pearsanta le chéile go diamhair sa choimhlint chumhachta ata ar siúl sna Seacht Ríocht. Tarraingíonn Cluiche na gCorónacha as foinsí ar nós Chogadh na Rósanna ina mbíonn rath ar na buaiteoirí agus brúitear na cailliúnaithe faoi chois gan taise gan trócaire.

[blockquote_right] 13 Oct | 8pm | Boys School[/blockquote_right]

Tá ríméad ar IMRAM seó ilmheánach a chur os comhair an phobail anocht, seó atá bunaithe ar aistriúchán Oisín Uí Mhuirthuile ar Game of Thrones (foilsithe ag Leabhar Breac). Léifidh Seán T Ó Meallaigh agus Sinéad Ní Uallacháin as an saothar; canfaidh Caitríona O’Leary ceol a chum sí féin don seó, le tionlacan ó Nick Roth (sacsafón), Matthias Loibner (hurdaí-gurdaí) agus Francesco Turrisi (frámdhrumaí agus méarchlár). Cuirfidh Margaret Lonergan íomhánna ar fáil, bunaithe ar fhoinsí ón Meánaois.


Imram logo

 

Tonight, IMRAM is delighted to present a dramatic multi-media performance based on Oisín Ó Muirthile’s translation into Irish of Game of Thrones (published by Leabhar Breac). Seán T Ó Meallaigh and Sinead Ní Uallacháin will read to a special musical backdrop arranged and performed by Caitríona O’Leary (vocals), Nick Roth (saxophone), Matthias Loibner (hurdy-gurdy) and Francesco Turrisi (frame drums and keyboards). Margaret Lonergan has created visuals drawing on medieval sources.

 

[cta headline=”Tickets €10/€8 conc” buttontext=”Book Now” buttonlink=httpss://smockalley.ticketsolve.com/#/shows/873563055] Book tickets for Cluiche na Corónach[/cta]