IMRAM
[blockquote_right] Fri 14 Oct | 8pm | Boys School[/blockquote_right]
Ceann de na liricí is cáiliúla sa Ghaeilge ná ‘Mise Raiftearaí an File’ ach creidtear anois nárbh é an file Maigh Eoch a chum an dán. Is mór idir an glór caoin atá ar fáil ann agus Raiftearaí na fírinne – an fear achrannach, an cumadóir paiseanta, an bolscaire neamhbhalbh ar son na gcúiseanna raidiciúla ar creid sé iontu.
San oíche speisialta cuirfidh Tadhg Mac Dhonnagáin cuntas ar bheatha agus saothar Raiftearaí i láthair, cur síos a bheas bunaithe ar an mbeathaisnéis uaidh Mise Raiftearaí an Fíodóir Focal ar bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin 2015 air. Úsáidfear idir amhráin, dánta, scéalta, tráchtaireacht agus míreanna scannán le saol agus saothar an fhile a chur in iúl. I gcuideachta Thaidhg ar an oíche beidh an t-amhránaí aitheanta sean-nóis as Teach Mór, Indreabhán, Caitlín Ní Chualáin agus an t-aisteoir agus ceoltóir Darach Mac Con Iomaire.
Tonight IMRAM presents a multi-media blend of music, poetry, song and film exploring the life and work of wandering bard Antaine Ó Raiftearaí (1779-1835). The show features Tadhg Mac Dhonnagáin, Caitlín Ní Chualáin and Darach Mac Con Iomaire.
[cta headline=”Tickets €10/€8 conc” buttontext=”Book Now” buttonlink=httpss://smockalley.ticketsolve.com/#/shows/873563274] Book tickets for Mise Raifeartaí[/cta]